Comórtas Cispheile na Gaeltachta

Is féidir an tuairisc a íoslódáil i nGaeilge anseo.

You can download the report in English here.


Reachtáileadh an chéad “Comórtas Cispheile na Gaeltachta” a riamh i Spórtlann Naomh Anna i Leitir Móir ar an deireadh seachtaine seo caite. Ba lá thar a bheith rathúil a bhí ann, áit a raibh breis agus trí scór réalta óga cispheile as chuile choirneál do Ghaeltacht Chonamara ag glacadh páirt agus ag iad iarraidh a bheith ar an an gcéad fhoireann an corn a bhaint amach.

Tar éis lá iontach de choimhlint leis na foirne meascaithe le himreoirí ó cheann ceann Chonamara, is acu seo a leanas a bhí an bua, Micheál Ó Gráinne, Cian Seoighe, Michael Cunningham Smyth, Ben McLoughlin, Padraic Óg Mac Donnacha, Oisin Silke, Fiach Silke agus Keelan Mac Donnacha, le farasbarr de chiseán amháin leis an ciseán buacach sna soicind deiridh.

Níorbh é an bua bun agus barr an lae, ach seans a thabhairt d’imreoirí óga as clubanna agus scoileanna éagsúla meascadh agus bualadh lena chéile, agus cisphéil a imirt trí mhéan na Gaeilge.

Bhí seisiún scileanna ann ar feadh uair ar maidin, a bhí eagraithe ag cóitseálaithe ó Chumann Cispheile Mhaigh Cuilinn and Cumann Cispheile na nGael, agus ina dhiaidh sin lean an “draft” atá thar a bheith tábhachtach, áit ar roghnaíodh ocht bhfoireann a bhí meascaithe ó scoileanna agus clubanna éagsúla. Ba é an aidhm a bhí anseo ná go mbeadh comortás de stíl blitz ann agus go mbeadh sé cothrom i do chách.

Le beagnach ciseán amháin mar dhifríocht idir na foirne i ngach cluiche, ba iad “Foireann Wilt” agus “Foireann Dirk” a d’éirigh leo ealú amach as na grúpaí agus treabhadh ar aghaidh chun áit a bhaint amach sa gCluiche Ceannais.

Ba léir ón gcluiche Ceannais go raibh sár lá cisphéile imithe roimhe. D’éirigh le “Foireann Wilt” an bua a bheith acu, ach chuaigh sé síos go dtí an “Buzzer”. Bhí sár choimhlint sa gcluiche áit a raibh seans ag an dá fhoireann an corn a chrochadh leo.

Bhí ard chaighdeán cispheile agus scileanna le feiceáil ar feadh an lae agus is cinnte go mbeidh neart réalta cispheile i nGaillimh sa todhchaí a bhí páirteach den lá.

Leis sin, thug an ócáid seo, seans do go leor daoine usáid agus feabhas a chur a gcúpla focal i gcomhthéachs cispheile chomh maith le spóirt agus spraoi a bhaint as an lá, go háirithe iad siúd nach bhfuil muiníneach an teanga a labhairt go rialta. Bhí rial sna cluichí go mbeadh saor chaitheamh in aghaidh aon duine a labhair i mBéarla agus rinne na h-imreoirí an- iarracht é a chomhlíonadh agus imríodh na cluiche i spiorad an- mhaith agus spóirtiúil a rith le h-éitis (ethos) an lae.

Táthar ag súil anois, leis an chéad “Comórtas Cispheile na Gaeltachta” cúrtha dínn againn, go mbeidh an lá seo go daingean ar fhéilire cispheile na bliana agus go bhfuil sé de mhian forbairt a dhéanamh air, le h-imreoirí as Gaeltachtaí eile a bheith rannpháirteach ann.

Is mian le Cumann Cispheile Mhaigh Cuilinn and Cumann Cispheile na nGael a bhí i mbun eagraíocht an lae buíochas mór a ghlacadh le Glór na nOileán, Gaeilge Mhaigh Cuilinn agus An Pobal Rua a thug tacaíocht iontach dóibh an lá a reachtáil.



Categories: News

%d bloggers like this: