Cómortas Cispheile na Gaeltachta 2025 – Spraoi, Spórt agus Gaeilge i Leitir Móir!

Tá Cómortas Cispheile na Gaeltachta ag filleadh arís i mbliana don tríú huair, ach den chéad uair riamh beidh sé ar siúl i bhformáid nua-aimseartha agus spreagúil: 3×3 faoi rialacha FIBA!

📍 Spórtlann Naomh Anna, Leitir Móir
📅 Dé Sathairn, 21 Meitheamh 2025
👦 Comórtas Faoi-14 Buachaillí – ag tosú ag 10:00 r.n.
👧 Comórtas Faoi-14 Cailíní – ag tosú ag 12:00 i.n. (meán lae)

Tá fáilte roimh imreoirí faoi 13 agus 12 freisin!

CLÁRÚ ANSEO (Caithfear gach foireann a bheith cláraithe faoin 9:00 r.n. ar an Aoine, 20 Meitheamh 2025)


🏆 An Chéad Uair mar 3×3 – Spiorad an Chluiche agus Spiorad na Teanga

Cé gurb é an tríú bliain den chomórtas é, seo é an chéad uair a bheidh sé mar chomórtas 3×3, ag leanúint rialacha oifigiúla FIBA 3×3 – ach le gné uathúil: ní bheidh cead ach Gaeilge a labhairt ar an gcúirt!

📌 Labhair Gaeilge – nó bí ullamh d’fheall teicniúil!
Má úsáidtear Béarla nó aon teanga eile le linn an chluiche, gearrfar feall teicniúil. Is deis é an Ghaeilge a chur i bhfeidhm ar bhealach spraíúil agus nádúrtha.


🗣 Gaeilge ó Thús Deireadh

Beidh na réiteoirí, na hoifigigh scórála agus an fhoireann eagraithe ar fad ag feidhmiú trí mhéan na Gaeilge amháin. Is comórtas é a nascann cultúr agus spórt, áit a gcuirtear luach ár an dteanga chomh maith le buanna ar an gcúirt.


🎉 Lá don Teaghlach Ar Fad

Ní hamháin gur comórtas é – is ócáid shóisialta, spraíúil agus fáilteach é freisin. Beidh atmaisféar breá neamhfhoirmiúil, le ceol, bia, gníomhaíochtaí breise, agus neart le déanamh do chách.


📝 Cé atá in ann páirt a ghlacadh?

Tá fáilte roimh chách! Ní gá a bheith as ceantar Gaeltachta chun foireann a chur isteach.

✔ Is féidir le haon ghrúpa cairde, club, scoil nó pobal foireann a chur le chéile.
✔ Caithfidh gach foireann ceantar a roghnú le bheith ina n-ionadaí air (m.sh. “Foireann Carna”, “Foireann Clondalkin”, srl.), ach ní gá go mbeadh an ceantar sin sa Ghaeltacht.
✔ Tá rannóga do:

Faoi-14 Buachaillí (3×3)
(Foireann = 3 imreoir + 1 ionadaí más main)

Faoi-14 Cailíní (3×3)
(Foireann = 3 imreoir + 1 ionadaí más mian)

🔗 Cláraigh anseo: https://play.fiba3x3.com/events/0895c6e8-b77a-4f9b-8be2-ce7d69e59405/register

📅 Caithfear gach foireann a bheith cláraithe faoin 9:00 r.n. ar an Aoine, 20 Meitheamh 2025.


Cispheil, Cairdeas agus Craic trí Ghaeilge – sin é Cómortas Cispheile na Gaeltachta 2025. Bígí linn i Leitir Móir agus bainigí taitneamh as an lá!

📧 Aon cheist? Seol ríomhphost chuig: comortascispheilenagaeltachta@gmail.com



Categories: News